Artwork

Contenuto fornito da Conradh na Gaeilge i Londain. Tutti i contenuti dei podcast, inclusi episodi, grafica e descrizioni dei podcast, vengono caricati e forniti direttamente da Conradh na Gaeilge i Londain o dal partner della piattaforma podcast. Se ritieni che qualcuno stia utilizzando la tua opera protetta da copyright senza la tua autorizzazione, puoi seguire la procedura descritta qui https://it.player.fm/legal.
Player FM - App Podcast
Vai offline con l'app Player FM !

9 Meán Fómhair 2023 (Ard Mhacha)

4:58
 
Condividi
 
Manage episode 376510695 series 2770343
Contenuto fornito da Conradh na Gaeilge i Londain. Tutti i contenuti dei podcast, inclusi episodi, grafica e descrizioni dei podcast, vengono caricati e forniti direttamente da Conradh na Gaeilge i Londain o dal partner della piattaforma podcast. Se ritieni che qualcuno stia utilizzando la tua opera protetta da copyright senza la tua autorizzazione, puoi seguire la procedura descritta qui https://it.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Tá rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliu chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Tá 128 duine i ndiaidh bás a fháil i dtimpistí bóthair sa stát ó thús na bliana, 24 níos mó san achar céanna anuraidh. Tá an tAire Stáit sa Roinn Iompair Jack Chambers ag déanamh imscrúdú ar na teorainneacha luais faoi láthair agus tuigtear go n-ísleofar an teorainn luais ar bhóithre náisiúnta. Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre go bhfuil "eipidéim luais" ar siúl i bPoblacht na hÉireann, agus gur chóir do gach duine a bheith ag tiomáint ní ba mhoille.

Rinneadh scrúdú iarbháis ar chorpa cailín óig, ocht mbliana d’aois, a bádh agus í ag snámh amach ón trá i mBaile Mhontáin i gContae Chorcaí. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála tar éis don chailín dul i gcontúirt san uisce agus chuaigh siad i mbun a cuardaigh. Tuigtear go raibh an cailín beag ina cónaí agus ag freastal ar scoil sa cheantar, Scoil Náisiúnta Theampall Bríde i mBun an Tábhairne. Dúirt Easpag Chorcaí go bhfuil pobal na scoile agus an pharóiste áitiuíl “croíbhriste” ar son an teaghlaigh. Tharla an tragóid le linn tréimhse ina raibh an aimsir an-te ar fad, agus teochtanna go hard sna fichidí in áiteanna áirithe. Is cosúil go bhfuil an teocht ag ísliú amach anseo.

Tá an Tánaiste Micheál Martin in Iosrael agus bhuail sé le Príomh-aire Benjamin Netanyahu in Iarúsailéim. Dúirt sé i ndiaidh an chruinnithe nach bhfuil aon chosúlacht air go mbeidh aon athrú ar an treo atá faoin choimhlint idir na hIosraelaigh agus na Palaistínigh. Dúirt Micheál Martin gur thug sé le fios go raibh Éire i gcoinne na lonnaíochtaí mídhleachacha atá á dtógáil ag na hIosraelaigh ar thalamh na bPalaistíneach. Tá an Tánaiste ar cuairt oifigiúil ar an cheantar agus beidh sé sa Bhruach Thiar, áit a mbeidh cruinniú aige le hUachtarán Údarás na Palaistíne Mahmoud Abbas agus beidh sé ag taisteal go dtí an Iordáin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

luasteorainn - speed limit

príomhfheidhmeannach - chief executive

scrúdú iarbháis - autopsy

seirbhísí éigeandála - emergency services

lonnaíochtaí mídhleachacha - illegal settlements

an Bruach Thiar - the West Bank

  continue reading

234 episodi

Artwork

9 Meán Fómhair 2023 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconCondividi
 
Tutti gli episodi

×
 
Loading …

Benvenuto su Player FM!

Player FM ricerca sul web podcast di alta qualità che tu possa goderti adesso. È la migliore app di podcast e funziona su Android, iPhone e web. Registrati per sincronizzare le iscrizioni su tutti i tuoi dispositivi.

Guida rapida